Baile Munna/Fionnghlas go Lár na Cathrach – 22km de thosaíocht tugtha do bhusanna tiomnaithe agus rianta rothaíochta
D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu go mbronnfar conradh chun Scéim Lár Bhaile Munna / Fhionnghlas a thógáil faoi chlár bonneagair BusConnects Bhaile Átha Cliath. Is é an comhlacht atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann, GRAHAM, a chuirfidh an tionscadal ar fáil. Cuirfear tús leis an tógáil ar an Scéim seo in 2026.
Seachadfar leis Scéim Chroíchonair Bhus Bhaile Munna/Fhionnghlais go Lár na Cathrach feabhsuithe suntasacha ar bhonneagar a athróidh an chaoi a dtaistealaíonn daoine ar an gconair sin. Tabharfaidh sé isteach timpeall 22 chiliméadar de thosaíocht tiomnaithe bus sa dá threo, ag soláthar seirbhísí bus níos tapúla agus níos iontaofa.
Ina theannta sin, forbrófar os cionn 20 ciliméadar d’infreastruchtúr rothaíochta, rud a fhágfaidh go mbeidh turais níos sábháilte do rothaithe agus a spreagfaidh taisteal gníomhach. Tacóidh cosáin uasghrádaithe agus acomhail fheabhsaithe le gluaiseacht níos sábháilte agus níos éifeachtúla do gach úsáideoir bóthair.
Meastar go méadóidh na feabhsuithe sin úsáid busanna ar an mbealach faoi 22% agus siúl agus rothaíocht faoi 29%, rud a laghdóidh spleáchas ar charranna agus a thacóidh le taisteal inbhuanaithe. Éascófar leis an gconair deiseanna aistrithe le modhanna iompair phoiblí eile freisin, rud a chuirfidh feabhas ar rochtain ar Stáisiúin Broombridge agus Chancery do sheirbhísí Luas agus Iarnród Éireann, agus ailíniú le líonra MetroLink amach anseo chun comhtháthú gan stró a chinntiú ar fud líonra iompair inbhuanaithe Bhaile Átha Cliath.
Tá dea-chlú amuigh ar GRAHAM cheana maidir le mórthionscadail bhonneagair a sheachadadh in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Droichead Samuel Beckett agus Droichead Rosie Hackett i mBaile Átha Cliath.
Tógfaidh Scéim Bhaile Munna / Fhionnghlas go Lár na Cathrach thart ar thrí bliana le seachadadh, le raon costais measta iomlán scéime suas le €366 mhilliún. Is infheistíocht shuntasach é sin chun iompar inbhuanaithe a sholáthar do thuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Is é BusConnects Bhaile Átha Cliath clár an ÚNI chun feabhas mór a chur ar sheirbhísí bus san ardchathair, lena n-áirítear thart ar 230 ciliméadar de thosaíocht tiomnaithe bus agus 200 ciliméadar d’infreastruchtúr rothaíochta a sheachadadh thar dhá chonair ghathacha déag. Feabhsóidh bonneagar iompair inbhuanaithe feabhsaithe inrochtaineacht, feabhsóidh sé rochtain ar thithíocht agus ar sheirbhísí, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus do phoist áitiúla.
Cloch mhíle mhór eile atá sa chonradh seo i gcéim seachadta BusConnects Bhaile Átha Cliath. Is é an dara conradh Croíchonair Bus atá le síniú, tar éis Ghleann na Life go Conair Lár na Cathrach. Tá an dá Chroíchonair Bus déag ar fad faofa ag an gCoimisiún Pleanála. Seachadfar na conairí sin de réir a chéile sna blianta amach romhainn chun clár seachadta spriocdhírithe a chinntiú a sholáthróidh na torthaí is fearr do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Ag labhairt dó ar an bhfógra, dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Ray McAdam, an méid a leanas; “Is cloch mhíle thábhachtach é fógra an lae inniu do Bhaile Munna, Fionnghlas agus dár gcathair níos leithne. Soláthróidh seachadadh an Chroíchonair Bus seo iompar poiblí níos tapúla, níos iontaofa, bealaí siúil agus rothaíochta níos sábháilte, agus naisc níos láidre, ag tacú le taisteal níos inbhuanaithe do chách. Fáiltím go háirithe roimh thiomantas ÚNI as a bheith ag obair go dlúth le cónaitheoirí agus le gnólachtaí le linn na tréimhse tógála, ag cinntiú go bhfanfaidh guthanna pobail lárnach agus muid ag seachadadh do Bhaile Átha Cliath atá níos inrochtana, níos nasctha agus níos dírithe ar an todhchaí.”
Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Léirítear le síniú an chonartha do Scéim BusConnects Bhaile Munna / Fhionnghlas go Lár na Cathrach fíor-dhul chun cinn maidir leis an gclár BusConnects níos leithne a sheachadadh, lena leagtar amach na cuspóirí iompair atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta i ndeireadh na dála trí infheistíocht bhreise in iompar poiblí.
“Leis an tionscadal seo cuirfear seirbhísí bus níos tapúla agus níos iontaofa ar fáil, bonneagar rothaíochta agus siúlóide níos sábháilte, agus comhtháthú níos fearr le líonra iompair phoiblí níos leithne Bhaile Átha Cliath. Trí infheistíocht a dhéanamh i roghanna taistil inbhuanaithe i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, táimid ag laghdú spleáchais ar ghluaisteáin, ag tacú le pobail áitiúla, agus ag cabhrú le cathair nua-aimseartha, nasctha a chruthú de réir ár dtosaíochtaí forbartha náisiúnta. Is é seo an dara ceann de 12 Scéim le bogadh chuig an tógáil, agus tá faomhadh pleanála ag an 12 cheann acu ar fad ón gCoimisiun Pleanála, rud a chruthaíonn píblíne de thionscadail inbhuanaithe a bheidh le seachadadh ag an Rialtas sna blianta amach romhainn. Tá an ÚNI ag súil le conradh a shíniú don tríú Scéim le linn na bliana seo
Dúirt Anne Shaw, POF nua-cheaptha an Údaráis Náisiúnta Iompair; “Is céim thábhachtach é an fógra is déanaí seo i rolladh amach BusConnects Bhaile Átha Cliath agus thar ceann an ÚNI táimid ag tnúth le bheith ag obair le GRAHAM chun an Scéim ríthábhachtach seo a sheachadadh sa chlár BusConnects Bhaile Átha Cliath.
“Leis an scéim seo cuirfear feabhsuithe fiúntacha ar fáil do phaisinéirí bus, do rothaithe agus do choisithe feadh chonair Bhaile Munna/ Fhionnghlaise. Tacóidh tosaíocht tiomnaithe do bhusanna agus áiseanna siúil agus rothaíochta feabhsaithe le hamanna turais níos iontaofa agus feabhsófar leo torthaí do phobail ar fud Bhaile Átha Cliath agus bonneagar feabhsaithe ann, spásanna comhroinnte agus seirbhísí iontaofa.
“Táimid ag tnúth leis an tionscadal seo a sheachadadh ar bhealach pleanáilte agus céimnithe, ag obair go dlúth le pobail agus gnólachtaí áitiúla le linn na tréimhse tógála.”
Dúirt Aidan Gallagher, Ceann Bonneagair BusConnects Bhaile Átha Cliath de chuid an ÚNI: “Tá ÚNI bródúil as an chonair bus seo a sheachadadh in éineacht le GRAHAM chun an dara Scéim dár gcuid a chur faoi lán seoil, Baile Munna/Fionnghlas go Lár na Cathrach. Tá dea-theist cruthaithe ag GRAHAM maidir le mórthionscadail bhonneagair a sheachadadh.
Seachadfaidh am clár BusConnects Bhaile Átha Cliath uasghrádú uair sa ghlúin ar líonra iompair inbhuanaithe Bhaile Átha Cliath, ar bhonneagar rothaíochta agus coisithe, rud a thabharfaidh buntáistí fiúntacha do chách – lena n-áirítear roghanna taistil inbhuanaithe leathnaithe agus timpeallacht níos sláintiúla do Bhaile Átha Cliath.”
Dúirt Jonathan Hall, Príomhoifigeach Oibriúcháin ag GRAHAM: “Tá ríméad orainn go bhfuil clár Bhaile Munna/Fionnghlas á sheachadadh againn go Lár na Cathrach mar chuid de Scéim na Croíchonaire Busanna de chuid BusConnects. Is tionscadal suntasach é seo don chathair, agus táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe chun a chinntiú go n-éireofar lena sheachadadh. Tá GRAHAM bródúil as a bheith tar éis cur le scéim a mbeidh ról chomh tábhachtach sin aici maidir le todhchaí níos nasctha agus níos inbhuanaithe a mhúnlú do Bhaile Átha Cliath”.
Beidh rannpháirtíocht an phobail fós ina fócas lárnach i Scéimeanna Croíchonair Busanna de chuid BusConnects. Tá socruithe mionsonraithe cumarsáide á gcur i bhfeidhm ag ÚNI lena chinntiú go gcoinnítear cónaitheoirí, gnólachtaí, grúpaí pobail agus ionadaithe tofa ar an eolas go hiomlán i rith na tréimhse tógála. Beidh suíomh gréasáin, líne ghutháin agus seoladh ríomhphoist tiomnaithe ag gach scéim, le tacaíocht ó nuashonruithe rialta agus imeachtaí for-rochtana áitiúla.
Le bheith ar an eolas faoi sheachadadh an chláir Croíchonairí Busanna de chuid BusConnects, tabhair cuairt ar: www.ballymunfinglasscheme.ie/sign-up/ chun clárú le haghaidh nuashonruithe tionscadail.